Scéalta Chorcaí: Cill na Martra i lár an aonaigh ag an deireadh seachtaine

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i gCill na Martra agus tá cluichí craoibhe againn ó dhubh go dubh ar RTÉ RnaG, TG4 agus cainéal You Tube TG4.
Scéalta Chorcaí: Cill na Martra i lár an aonaigh ag an deireadh seachtaine

Bhailigh na sluaite ag Páirc Uí Chuana i gCill na Martra trathnóna Dé Domhnaigh nuair a chas an fhoireann baile le Cill Chartha i gcluiche leath cheannais Chomórtas Peile na Gaeltachta a raibh á thionól sa sraidbhaile Mhúscaíoch den chéad uair ó 2005. Bhí an bua ag na Conallaigh ach bhí taispeantas den scoth ó fhir Chill na Martra. Beidh lá eile acu.

Deireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh isea a thuigeann tú chomh luachmhar is atá an seirbhís a thugann RTÉ Ráidió na Gaeilge (RTÉ RnaG).

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i gCill na Martra agus tá cluichí craoibhe againn ó dhubh go dubh ar RTÉ RnaG, TG4 agus cainéal You Tube TG4.

Trachtaireacht bheo ós na cluichí go léir agus tuairiscí rialta, mar a tharlaíonn sé, ó choimhlint Chorcaí leis na Conallaigh i bPáirc Uí Rinn le Liam Mac a’Mhaoir.

Ar an dteilifís bhí Brian Tyers ag déanamh an trachtaireacht ceolmhar ó thaobhlíne Pháirc Uí Chuana i gCill na Martra.

Nuair a scríobhtar go bhfuil an Chomórtas ar siúl i gCill na Martra - níl páirc peile i nGaeltacht Mhúscraí nach bhfuil in úsáid agus tá an dhá chumann eile sa cheantar, Béal Átha’n Ghaorthaidh agus Naomh Abán, Baile Mhúirne, ag cur a n-áiseanna ar fáil nó tá ar a laghad ceithre chomórtas ar siúl - Peil na bhFear don Ghrád Sinsear agus dos na Sóisir agus Peil na mBan dos na Sóisir is dos na hIdirmheánaigh.

Is fada an dáimh atá ag Múscraí leis an gcomórtas nó bhí duine ó Naomh Abán ag imirt i gceann des na céad comórtais.

D’imir Seán Ó Cróinín le Tuar Mhic Éadaigh nuair a bhí ag obair i Maigh Eo sna 60í agus d’imir sé le Naomh Abán nuair a d’fhill sé ar a fhód dhúchais trath go raibh an chumann cathréimneach.

Cailleadh Seán coicís ó shin agus bhí na sluaite ó gach cúinne den tír ag a thórramh, léiriú measa gan amhras ar laoch peile agus laoch pobail. Suaimhneas síoraí go raibh aige agus sólás dá mhuintir.

Tá éacht déanta ag muintir Chill na Martra chun an áit a ullmhú don bhféile - ní raibh an bun cleite isteach ná an barr cleite amach - agus gach rud eagraithe go beacht, go cruinn agus go slachtmhar agus an plean ar fad curtha i bhfeidhm le h-aoibh an gháire agus cineáltas.

Nara fada go raibh an Chomórtas thar nais i Múscraí!

Read More

Scéalta Chorcaí: Camchuairt filíochta timpeall bhaile dhúchais Sheáin Uí Riordáin

Ceol san Iarnóin san Ionad Chultúrtha

Trathnóna Dé Domhnaigh seo chughainn, beidh fearadh na fáilte á chur ag foireann Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne roimh na sluaite go ceolchoirm gleoite atá á reachtáil sa chultúrlann ar bhruach an tSuláin.

Adam Agee agus Jon Sousa a bheidh ag seinnt agus beidh Laoise Fitzgerald ina h-aoi speisíalta le linn na coirme a bheidh ag tosnú ar 4in san iar nóin.

Is ó Ghaeltacht na Déise do Mhacdara Ó Faoláin ach beidh Ceoltóir Óg na Bliana ag Gradaim Ceoil TG4 ag seinnt san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhúirne ar Meitheamh 14. Tá oíche ceoil den scoth geallta
Is ó Ghaeltacht na Déise do Mhacdara Ó Faoláin ach beidh Ceoltóir Óg na Bliana ag Gradaim Ceoil TG4 ag seinnt san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhúirne ar Meitheamh 14. Tá oíche ceoil den scoth geallta

Is rud deas é ceolchoirm a bheith ar siúl san iarnóin mar go dtugann sé deis do shlua éagsúil teacht go dtí an Ionad. Agus is léir gur ceoltóirí den scoth iad Adam agus Jon. 

Dar le Martin Hayes, fidléir is ceoltóir a thuirling ós na Fláithis chun seinnt inár measc, is iontach an ceoltóir é Adam agus tá an t-adh linn go bhfuil Adam agus Jon, arbh as Colorado sna Stáit Aontaithe dóibh, ag teacht chomh fada le Múscraí.

An Aoine ina dhiaidh sin, beidh ceolchoirm deireannach an tséasúr san ionad agus is iad Macdara Ó Faoláin, Ceoltóir Óg na Bliana ag Gradaim Ceoil TG4 le déanaí, in éineacht le Pádraic Keane agus Páraic Mac Dhonncha, a bheidh ar an ardán san Ionad.

Is cinnte go bhfuil togha an cheoil le clos san Ionad Cultúrtha agus Liadh Ní Riada ar an stiúr ann.

Beidh féasta chultúrtha ann arís sa bhFómhar nuair a osclaíonn an Ionad arís do cheol choirmeacha, taispeántais agus ranganna.

Dualgas ar na h-iarrthóirí i leith na Gaeilge

Níl ach cúpla lá fágtha go dtí na toghcháin do Phairlimint na hEorpa agus d’ár gcomhairlí áitiúla agus is beag an fhianaise i mbileoga agus ar phostaeirí go dtuigeann iarrthóir ar bith gur ann don Ghaeltacht anseo i gCorcaigh.

Ní chuirim morán stór i mbileoga agus postaeir ach léiríonn siad meon aigne agus mura bhfuil fiú an cúpla focal Gaeilge le feiscint ann, léiríonn sé go bhfuil an chuid sin dár n-oidhreacht ligthe i ndearmad ag na h-iarrthóirí, go h-áirithe i bhfianaise gur beag polaiteoir a thagann chomh fada le do dhoras níos mó.

Tá an t-iar Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cúív, tar éis a rá gur cheart go mbeadh dualgas ar iarrthóirí na litreacha um thoghcháin a sheoladh i nGaeilge agus i mBéarla - is é an Stát a íocann as seo tre maoiniú a thabhairt do An Post.

Cén fath go mbeadh an foilseachán Stát urraithe seo trí Bhéarla amháin.

Tá íoróin ag baint leis an scéal nó bíonn gach páirtí sa Dáil ag tacú le dlithe is rialacha a chuireann dualgas ar na comhairlí áitiúla agus ar fhorais Stáit eile bheith ag aistriú caipéisí nach léitear go Gaeilge nuair atá na bileoga a siad féin as Béarla amháin.

Read More

All About Cork: Douglas students lift community spirits with substation project

Ainle ar a rothar timpeall na tíre

Tá aithne ag go leor i gCorcaigh ar Ainle Ó Cairealláin, an t-é a raibh giom aige i gCorcaigh ar feadh blianta fada ach a d’fhill ar a chathair dhúchais, Béal Feirste, anuraidh.

Tá Ainle agus cara leis, Stiofán Loughran, i mbun rothaíocht timpeall na hÉireann a chriochnóidh ag Féile na Gealaí i Rath Chairn ag an deireadh seachtaine agus is é an aidhm atá acu ná €60,000 a bhailiú chun beartanna bídh a cheannach do theaghlaigh na Palaistíne atá faoi léigear i nGaza.

Tarlaíonn sé gur dhein athair Ainle, Gearóid, i dteannta lena chomrádaí, Eoghan Ó Néill, turas mar an gcéanna breis is dhá scór bliain ó shin chun airgead a thógáil chun go bhfíorófaí an aisling, go mbeadh nuachtán laethúil Gaeilge ann.

As an turas sin a fíoraíodh an aisling ina raibh an tuairisceoir seo páirteach blianta ina dhiaidh sin, Lá agus Lá Nua, an t-aon nuachtán laethúil Gaeilge riamh.

Gach rath ar an dturas a chaith seal i gCorcaigh Dé Sathairn.

Brón ar an mbás

GAEL go smior ab ea An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin SMA (1941-2024) a bhásaigh ar an Bealtaine 26 in Aonad Altranais Naomh Treasa i gCorcaigh an seachtain seo chaite agus a cuireadh ar an gCéadaoin.

Bhí meas thar na beartaibh aige ar chultúir an domhain.

Fear pobail a bhí ann agus ba bhreá leis am a chaitheamh sna ceantair Ghaeltachta ó Chúil Aodha go Toraigh.

Chaith sé seal mar shagart paróiste ar Árainn Mhór i nGaeltacht Dhún na nGall roimh dul chun na hAfraice dó ar na misiúin. Chuir sé an-spéis sna cultúir áitiúla le linn dó a bheith ar na misiúin.

Bhí bua na dteangacha aige agus d’fhoghlaim sé agus labhair sé teangacha na bpobal lenar mhair sé.

Níor dhein sé neamart ina theanga dhúchais féin agus choimeád sé dialanna i nGaolainn agus é i mbun oibre san Afraic.

Anuas ar na dialanna, scríobh sé an leabhar ‘An Bóthar Fada go Tamanrasset’ ar fhoilsíodh in 1990.

Bhí an-éileamh ar a chomhluadar agus an-tóir ar a chuid scéalta taistil.

Éisteoir dílis de chuid Raidió na Gaeltachta ab ea é agus b’iomaí alt ar scríobh sé dos na foilseacháin Gaolainne thar na blianta.

Suaimhneas síoraí go raibh aige agus sólás dá mhuintir.

Read More

All About Cork: Regular scrabble meetup at library puts emphasis on fun

More in this section

Israel Iran Mideast Wars Tánaiste confirms Irish citizens released from detention in Egypt
Hundreds turn out on land and at sea to protest against Kinsale mussel farm Hundreds turn out on land and at sea to protest against Kinsale mussel farm
Cork court: Woman terrified by ex-partner verbally abusing her and saying he would love to break her back Cork court: Woman terrified by ex-partner verbally abusing her and saying he would love to break her back

Sponsored Content

Digital advertising in focus at Irish Examiner’s Lunch & Learn event  Digital advertising in focus at Irish Examiner’s Lunch & Learn event 
Experience a burst of culture with Cork Midsummer Festival  Experience a burst of culture with Cork Midsummer Festival 
How to get involved in Bike Week 2025 How to get involved in Bike Week 2025
Us Cookie Policy and Conditions

© Examiner Echo Group Limited

Add Echolive.ie to your home screen - easy access to Cork news, views, sport and more